Straitéis 2026-2030

Straitéis
2026-2030

Beocht á cur i dtaighde

Beocht á cur i dtaighde

Ní bhíonn luach ag baint le taighde sláinte ach amháin nuair a athraíonn sé saol daoine –

  • nuair a fheabhsaíonn sé an cúram,
  • nuair a laghaíonn sé an eagothroime,
  • nuair a chuireann sé bonn eolais faoi chinntí,
  • nó nuair a ullmhaíonn sé sinn níos fearr don todhchaí.

Leagtar amach sa straitéis seo conas a bhainfimid é seo amach, ag cur rannphaírtíocht and daoine i lár gach rud a ndéanaimid.

Luachanna

Tugann ár luachanna ár gcultúr le fios agus múnlaíonn siad é, agus tá siad mar bhonn faoi gach rud a ndéanaimid.

Tionchar

Táimid tiomanta tionchar dearfach a imirt ar shláinte daoine trí thaighde agus trí fhianaise ar mhaithe leis an leas poiblí.

Ionchuimsitheacht agus meas

Oibrímid i gcomhar lena chinntiú go gcloistear tuairimí gach duine agus go dtugtar meas orthu.

Cothromas

Oibrímid chun cothromas sláinte a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sláinte, lena n-áirítear stádas socheacnamaíoch, aois, inscne, stádas imirce agus míchumas.

Ceannaireacht

Glacaimid ról ceannaireachta chun cúram sláinte agus sóisialta a chur chun cinn trí thaighde.

Iontaofacht

Táimid eiticiúil agus trédhearcach inár gcuid oibre chun muinín an phobail a dhaingniú.

Nuálaíocht agus solúbthacht

Glacaimid le dúshláin agus le deiseanna nua agus freagraímid go héifeachtach ar athrú.

Díograis agus mórtas

Cothaímid cultúr ina mbíonn daoine díograiseach agus ina mbíonn siad mórtasach as a gcuid oibre.

Inbhuanaitheacht

Cuirimid cleachtais inbhuanaithe chun cinn go gníomhach chun ár dtionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú.

Fís

Sláinte níos fearr, beartas eolasbhunaithe, agus cúram feabhsaithe do chách ar fud oileán na hÉireann.

Misean

Chun ceannaireacht a dhéanamh ar infheistíocht náisiúnta i dtaighde sláinte trí acmhainn a fhorbairt, tacú le sármhaitheas, eitic a chur i gcroílár an obair, agus a chinntiú go n-aistrítear fianaise d’ardchaighdeáin go beartas agus cúram níos fearr.

Cuspóir

Taighde eiticiúil, den scoth agus cothrom a chur chun cinn a neartaíonn an córas sláinte agus a sholáthraíonn fíorthairbhe don tsochaí.

Spriocanna straitéiseacha

Chun ár misean a bhaint amach, tá na gníomhaíochtaí laistigh de na spriocanna agus eatarthu nasctha go dlúth lena chéile agus neartaíonn siad a chéile.

Tá cuspóirí straitéiseacha leagtha amach againn don tréimhse 2026–2030 faoi chúig sprioc:

Timpeallacht agus lucht saothair taighde beoga agus ullmhaithe don todhchaí a chruthú don chúram sláinte agus sóisialta

Éiceachóras éifeachtach agus iomaíoch trialacha cliniciúla a fhorbairt in Éirinn a chuireann torthaí ar fáil d’othair, don chóras sláinte agus don gheilleagar

Bonn eolais a chur faoi bheartas agus faoi chleachtas sláinte trí shonraí agus fianaise d’ardchaighdeáin

An taighde, na smaointe agus na nuálaíochtaí is fearr a mhaoiniú chun cúram sláinte agus sóisialta a fheabhsú agus tacú leis an ngeilleagar 

Comhoibriú náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta a chur chun cinn chun dul i ngleic le dúshláin sláinte, cleachtais eiticiúla a chur chun cinn i dtaighde agus i nuálaíocht, agus rannpháirtíocht rathúil a chumasú i gcláir mhaoinithe AE

Barr feabhais eagraíochtúil agus oibriúcháin a bhaint amach

Scroll to Top

Cuspóirí: