Sprioc 2
Éiceachóras na dtrialacha cliniciúla in Éirinn a fhorbairt
Éiceachóras éifeachtach agus iomaíoch trialacha cliniciúla a fhorbairt in Éirinn a chuireann torthaí ar fáil d’othair, don chóras sláinte agus don gheilleagar
Tá bonn láidir taighde cliniciúil in Éirinn, le líonra scaipthe saoráidí taighde, le taighdeoirí acadúla den scoth agus le tionscail eolaíochtaí beatha agus teicneolaíochtaí leighis atá iomaíoch ar an leibhéal idirnáisiúnta. Oibreoimid le comhpháirtithe eile chun tacú le trialacha cliniciúla, idir trialacha faoi stiúir taighdeoirí agus trialacha tráchtála, chomh maith le staidéir ar fhianaise ó dhálaí fíorshaoil (RWE), i ngach comhthéacs cúraim sláinte, d’fhonn rochtain daoine ar thrialacha a uasmhéadú i dtimpeallachtaí iontaofa, rialaithe agus sábháilte.
Oibreoimid le comhpháirtithe chun éiceachóras iomaíoch, solúbtha agus freagrúil trialacha cliniciúla a chruthú a thugann tairbhe d’othair, don chóras cúraim sláinte agus don gheilleagar, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Phlé a dhéanamh leis an Roinn Sláinte agus le gníomhaireachtaí eile faoi choimirce na Comhairle Comhairleach um Thrialacha Cliniciúla (CCTC) chun comhinfheistíocht a dhéanamh i líonra comhordaithe aonad soláthair trialacha a mhéadóidh líon na dtrialacha cliniciúla – idir trialacha tráchtála agus trialacha faoi stiúir taighdeoirí – chomh maith leis an líon daoine ar féidir leo rochtain a fháil ar thrialacha in Éirinn
Chumas agus acmhainn cleachtóirí agus taighdeoirí a fheabhsú chun an raon iomlán trialacha faoi stiúir taighdeoirí a dhearadh, a dhéanamh, a mhaoirsiú agus tuairisciú orthu, d’fhonn cúram níos sábháilte, níos éifeachtaí agus níos cothroime a sholáthar i réimsí an ghéarchúraim, an chúraim phríomhúil, na sláinte poiblí agus an chúraim phobail
Infheistíocht a dhéanamh i dtaighde modheolaíochta, in oiliúint agus i gcumas comhairleach chun a chinntiú go bhfuil dearadh trialacha nuálach, láidir agus cuimsitheach mar bhonn faoi chur i gcrích trialacha, agus glacadh le nuálaíochtaí amhail trialacha sonraíbhunaithe agus trialacha díláraithe
Oibriú le CCTC chun tairseach náisiúnta do mhéadrachtaí agus córas tuairiscithe deais do thrialacha cliniciúla a bhunú, ionas go mbeidh príomhtháscairí feidhmíochta comhsheasmhach ar fud an éiceachórais agus go mbeidh faisnéis faoi thrialacha inrochtana d’othair agus don phobal.
Méadóimid líon agus cáilíocht na dtrialacha cliniciúla atá ar fáil d’othair in Éirinn, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Mhaoiniú do thrialacha ardchaighdeáin faoi stiúir taighdeoirí a mhéadú ar fud cineálacha agus timpeallachtaí éagsúla
Thacú le forbairt trialacha ilionaid ardchaighdeáin trí líonraí taighde i réimsí tosaíochta
Oibriú le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta chun trialacha ilnáisiúnta faoi stiúir taighdeoirí a mhaoiniú
Rannpháirtíocht i dtrialacha cliniciúla agus caighdeáin a chur chun cinn trí pháirt ghníomhach a ghlacadh sa Ghréasán Bonneagair um Thaighde Cliniciúil Eorpach (ECRIN)
Bheartais agus cleachtais a chur chun cinn lena laghdaítear dramhaíl taighde, lena bhfeabhsaítear luach faisnéiseach trialacha, lena neartaítear tuairisciú trédhearcach agus tráthúil, agus lena gcumasaítear rannpháirtíocht othar agus an phobail (ROP) chomh maith le héagsúlacht agus ionchuimsitheacht i dtrialacha
Sheirbhís comhairliúcháin réamhaighneachta a chur chun cinn chun tacú leis an bpobal taighde dul i ngleic le ceanglais aighneachta do thuairimí náisiúnta eitice agus do chinntí dearbhaithe toilithe, rud a chuirfidh le cáilíocht agus éifeachtúlacht staidéar taighde a chuirfear ar bun in Éirinn
Leanúint dár gceannaireacht agus dár ngníomhaíochtaí ar leibhéal Eorpach trí rannchuidiú leis an tionscnamh chun Dlús a chur le Trialacha Cliniciúla san Aontas Eorpach (TDTC AE) agus leis na Comhghníomhaíochtaí faoin gclár EU4Health chun tacú le cur i bhfeidhm na Rialachán um Thrialacha Cliniciúla agus an Córas Faisnéise maidir le Trialacha Cliniciúla (CFTC), ar mhaithe le córas éifeachtach trialacha cliniciúla náisiúnta agus ar fud an Aontais Eorpaigh.
Cuirfimid córas láidir, trédhearcach agus dinimiciúil náisiúnta um athbhreithniú eitice taighde chun cinn i réimsí rialáilte taighde cliniciúil, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Thuairim náisiúnta aonair ar eitic taighde a sholáthar do thaighde cliniciúil rialáilte trí obair na hOifige Náisiúnta agus CNETanna a dtugann sí tacaíocht dóibh, agus trí éifeachtúlachtaí sruthlínithe a chinntiú leis an bpróiseas dearbhaithe toilithe de chuid CDTTS, de réir mar a bhíonn gá leis
oibriú leis an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (ÚRTS) chun cinntí náisiúnta iontaofa, comhordaithe a sholáthar maidir le taighde cliniciúil ar chógais, ar fheistí leighis agus ar dhiagnóisic laistigh de na tréimhsí ama atá forordaithe ag rialacháin an Aontais Eorpaigh
Oibríochtaí náisiúnta measúnaithe eitice taighde atá solúbtha agus éifeachtúil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm mar fhreagairt ar Rialacháin nua an Aontais Eorpaigh; Gníomh um an mBith-theicneolaíocht; agus na Rialacháin um Shimpliú do fheistí leighis agus do fheistí diagnóiseacha in vitro
Chreat a fhorbairt chun measúnú náisiúnta comhordaithe a sholáthar do staidéir iltíre a chomhcheanglaíonn cógais, feistí leighis agus diagnóisic, i gcomhar le ÚRTS agus le CNETanna.