Sprioc 3
Fianaise a fhorbairt agus a threorú chun beartas agus cleachtas a fheabhsú
Bonn eolais a chur faoi bheartas agus faoi chúram sláinte agus sóisialta trí shonraí agus fianaise d’ardchaighdeáin
Déanfaidh BTS taighde a mhaoiniú agus déanfaidh sé anailís ar shonraí agus sintéisiú fianaise chun fianaise iontaofa a ghiniúint a chuireann bonn eolais faoi bheartas cúraim sláinte agus sóisialta, pleanáil seirbhísí agus cúram líne thosaigh. Cuirfimid cur chuige nuálach chun cinn chun sonraí, taighde agus fianaise a chomhchruthú, a aistriú agus a scaipeadh, agus cinnteoireacht i mbeartas agus i gcleachtas a chumhachtú.
Feabhsóimid ár mbonneagar faisnéise sláinte chun tacú le beartas, le pleanáil seirbhísí agus le cleachtas i gcúram sláinte agus sóisialta i réimsí na meabhairshláinte, an mhíchumais agus na ndrugaí agus an alcóil, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Réimsí speisialtóireachta chórais náisiúnta faisnéise sláinte BTS – meabhairshláinte, míchumas agus drugaí agus alcól – agus an ghníomhaíocht taighde a bhaineann leo a leathnú, i gcomhar lenár bpríomhpháirtithe leasmhara, chun a chinntiú go n-úsáidtear iad mar fhianaise chun tacú le straitéis, beartas agus pleanáil seirbhísí náisiúnta sna réimsí sin
Infheistíocht a dhéanamh i dteicnící staidrimh nuálacha agus i léirshamhlú sonraí, lena n-áirítear geomhapáil agus IS, chun inúsáidteacht na gcóras náisiúnta faisnéise sláinte a fheabhsú agus tacú le taighde, beartas agus cleachtas i gcúram sláinte agus sóisialta
Thacú le cur chuige caighdeánbhunaithe maidir le bainistiú faisnéise agus cáilíocht sonraí, chun a chinntiú gur foinse iontaofa é BTS i soláthar príomhfhaisnéise sláinte, lena n-áirítear a hin-aimsitheacht trí chatalóg náisiúnta tacar sonraí sláinte
Cháil a thuilleamh do BTS mar choimeádaí sonraí iontaofa mar chuid den Spás Eorpach Sonraí Sláinte (SESS), le cumas teicniúil do phróiseáil shlán chun rochtain ar shonraí agus nascadh sonraí a chumasú chun críocha taighde tánaisteach agus do bheartas agus cleachtas
Oibriú leis an Roinn Sláinte, le FSS agus le páirtithe eile chun tacú le digitiú sonraí i seirbhísí cúraim sláinte agus sóisialta sa phobal agus a n-acmhainneacht taighde a chur chun cinn i ndáil le Digital for Care: Creat Sláinte Digiteach d’Éirinn 2024-2030.
Cinnteoimid go gcuireann fianaise BTS bonn eolais faoi bheartas agus cleachtas cúraim sláinte agus sóisialta laistigh d’éiceachóras comhordaithe fianaise, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Lárionad tiomnaithe fianaise a chur ar fáil ina bhfuil foireann idirghabhála eolais agus sintéise taighde, leabharlann náisiúnta drugaí, agus clár taighde ar alcól agus ar dhrugaí, chun táirgí agus seirbhísí fianaise saincheaptha a sholáthar do phríomhpháirtithe leasmhara
Thacú leis an bpobal sintéise fianaise ar oileán na hÉireann agus é a neartú agus a nascadh trí Evidence Synthesis Ireland, chomh maith le haird a tharraingt ar shintéis fianaise a mhéadú i measc an phobail, cleachtóirí cúraim sláinte agus sóisialta agus lucht déanta beartas
Scileanna a fhorbairt i gcoimisiúnú, i léirmhíniú agus in úsáid cineálacha éagsúla fianaise, chomh maith le hidirghabháil eolais
Infheistíocht a dhéanamh i modhanna sintéise fianaise agus in anailís ar thionchar buiséadach agus eacnamaíoch chun forbairt treoirlínte cliniciúla náisiúnta tosaíochta agus táirgí fianaise eile a threorú
Lárionad Sintéise Fianaise a bhunú chun modhanna nua a fhorbairt agus a úsáid chun tacú le fianaise taighde shintéisithe atá tráthúil agus ábhartha ó gach cuid den éiceachóras fianaise do lucht cinnteoireachta le linn céimeanna ullmhúcháin agus freagartha ar bhagairtí nua ar shláinte phoiblí
Oibriú i gcomhpháirt le maoinitheoirí agus líonraí idirnáisiúnta chun úsáid shábháilte agus fhreagrach uirlisí cumasaithe ag IS agus córas sonraí oscailte a chur chun cinn a thacaíonn le sintéis fianaise, lena n-áirítear sintéisí fianaise beo.
Maoineoimid taighde ardchaighdeáin a sholáthraíonn fianaise láidir, ábhartha, tráthúil, inrochtana agus in-úsáidte i réimsí a thugann lucht déanta beartas tús áite dóibh, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Oibriú leis an Roinn Sláinte chun tionscadail a lorg, a mhaoiniú agus a bhainistiú tríd an gClár Taighde ‘Fianaise-ar-Beartas’ nó trí mheicníochtaí eile de réir mar is gá
Dheiseanna comhoibrithe agus comhmhaoinithe a phlé le FSS agus le comhpháirtithe eile chun tacú le taighde atá bunaithe ar riachtanais seirbhíse agus dírithe ar chur i bhfeidhm
Thosaíocht a thabhairt do thaighde (mar aon le forbairt acmhainne gaolmhaire) agus tacú leis chun bonn eolais a chur faoi spriocanna claochlaithe Shláintecare a mheasúnú agus a threorú, amhail cúram sláinte uilíoch; cúram a aistriú go timpeallachtaí príomhchúraim agus pobail; rochtain agus cáilíocht fheabhsaithe; laghdú ar liostaí feithimh; athchóiriú an lucht saothair; agus luasghéarú na sláinte digití
Ghrúpa ionadaíoch náisiúnta i dtaighde ar sheirbhísí, ar chórais agus ar bheartas sláinte a thabhairt le chéile chun ionchur a sholáthar i dtopaicí taighde don chomhpháirtíocht Transforming Health and Care Systems agus chun beartas agus cleachtas a fhorbairt bunaithe ar na torthaí
Chomhoibriú tras-earnálach agus cur chuige uile-rialtais a chur chun cinn i dtionscnaimh fianaise-ar-bheartas agus i nascadh sonraí, chun cinnte a dhéanamh go gcuimsítear réimsí a théann trasna sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an chomhshaoil.
Ag aithint an chaidrimh dhá bhealach atá idir taighde agus beartas, cuirfimid rannpháirtíocht idir taighdeoirí agus lucht cinnteoireachta chun cinn agus déanfaimid éascaíocht uirthi chun an bhearna idir taighde agus beartas a laghdú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Aird a tharraingt ar an bpróiseas ceaptha beartais i measc taighdeoirí agus trí threoir a chur ar fáil dóibh maidir lena chur i bhfeidhm ina gcuid taighde
Thacaíochtaí a chur ar fáil do lucht déanta beartas chun bearnaí fianaise a shainaithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh, agus chun iad a aistriú ina gceisteanna taighde
Chumas a fhorbairt i scileanna measúnaithe criticiúla i measc lucht cinnteoireachta i gcúram sláinte agus sóisialta, chun cur lena gcumas iontaofacht, cáilíocht agus ábharthacht na fianaise a úsáidtear i gcinnteoireacht i gcomhthéacsanna ar leith a mheas
Éascaíocht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nuálacha idirghabhála eolais idir an pobal ceaptha beartais agus táirgeoirí fianaise, agus tacú leo, chun naisc agus caidrimh fhadtéarmacha a chothú agus chun aistriú agus glacadh le fianaise a bharrfheabhsú
Chinntiú go gcuirtear san áireamh guthanna, taithí agus luachanna an phobail, othar, carthanas agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta in éineacht le fianaise eolaíoch.