Straitéis 2026-2030

Straitéis
2026-2030

Straitéis 2026-2030

Straitéis
2026-2030

Straitéis 2026-2030

Ráiteas ó Chathaoirleach BTS

An Dr Tracy Cunningham

Agus BTS ag comóradh 40 bliain de sheirbhís phoiblí, léiríonn an straitéis seo ár n-uaillmhian agus ár ndíograis chun cúram sláinte a neartú ar oileán na hÉireann – agus níos faide i gcéin – trí éiceachóras taighde sláinte dinimiciúil a fhorbairt.

Ó bunaíodh BTS, tá dul chun cinn suntasach tacaithe againn i réimsí na sláinte poiblí, chúram othar, nuálaíocht sa chóras sláinte, agus forbairt beartais níos cliste, agus muid fós dírithe ar thaighde a fheabhsaíonn saol daoine agus a neartaíonn an córas cúraim sláinte agus sóisialta. 

Mar eagraíocht, táimid tar éis fás ó thaobh scála agus uaillmhéine de. Tá tírdhreach an taighde sláinte claochlaithe ag ár n-infheistíochtaí, tá méadú tagtha ar úsáid na fianaise i mbeartais cúraim sláinte agus sóisialta, agus tá sláinte daoine feabhsaithe dá bharr. 

Tá ár gcuid oibre imeasctha i straitéisí agus i reachtaíocht náisiúnta i réimsí amhail an mheabhairshláinte, an ailse, drugaí, alcól, cearrbhachas agus toitíní leictreonacha. 

Ina theannta sin, tá na Coistí Náisiúnta um Eitic Taighde faoi choimirce BTS freagrach as athrú suntasach a thabhairt ar chur i bhfeidhm an taighde chliniciúil, chomh maith le rialachas an taighde chliniciúil a neartú.

Treo na todhchaí

Tá an straitéis nua cúig bliana seo thar a bheith uaillmhianach, agus í forbartha i gcomhpháirt leis an Roinn Sláinte agus, go háirithe, i gcomhar lenár bpobal taighde, othair agus leis an bpobal. 

Mar phríomh-mhaoinitheoir an taighde sláinte ar oileán na hÉireann, táimid tiomanta tacú le héiceachóras taighde sláinte rathúil a mbeidh tionchar ag dul i méid aige. 

Léireofar é seo trí dhul chun cinn a dhéanamh i dtrialacha cliniciúla agus trí infheistíocht a dhéanamh i smaointe nuálacha, trí bhonneagar sonraí sláinte a fhorbairt tuilleadh, agus trí ár gcomhpháirtíochtaí a dhoimhniú ar leibhéal uile-oileáin, an Aontais Eorpaigh agus go hidirnáisiúnta. 

Cuirfimid fianaise iontaofa ar fáil freisin a chumasaíonn cinnteoireacht sa tsláinte ar mhaithe le tairbhe eacnamaíoch agus shóisialta. Is cuid riachtanach den iarracht taighde seo í forbairt leanúnach na gCoistí Náisiúnta um Eitic Taighde. 

Comhoibriú láidir

Is bunchloch i rath BTS go dtí seo é an comhoibriú agus beidh sé lárnach i gcomhlíonadh ár misean amach anseo. 

Ar leibhéal náisiúnta, cabhróidh comhpháirtíocht leis an bpobal, le hothair agus le cúramóirí – chomh maith leo siúd atá ag obair ar an talamh i gcúram sláinte agus sóisialta – lena chinntiú go gcuirfear straitéis BTS i bhfeidhm i mbeartas agus i gcleachtas, agus go mbainfear torthaí níos fearr amach dár bpobail dá bharr. 

Freagairt agus oiriúnú

Tá an gá le bheith solúbtha agus athléimneach lárnach inár straitéis. Ós rud é go bhfuil an tírdhreach ag athrú i gcónaí, is dócha go mbeidh gá an straitéis a oiriúnú sna cúig bliana atá romhainn. 

Cuireann an intleacht shaorga (IS), srianta buiséid, an baol éagobhsaíochta airgeadais agus geo#pholaitiúla, an t-éileamh méadaithe ar chinntí eolasbhunaithe, an claochlú digiteach, agus bearta treisithe i leith cosanta agus ullmhachta dúshláin romhainn – ach léiríonn siad deiseanna suntasacha freisin chun soláthar taighde sláinte a fheabhsú. 

Dá bhrí sin, ní mór dúinn an tírdhreach a athmheas go rialta agus oiriúnú dá réir sin laistigh den phlean cur chun feidhme don straitéis seo. 

D’fhéadfadh athrú ar an bhfócas inár scéimeanna maoinithe, riachtanas fianaise a chur ar fáil laistigh de thréimhsí ama níos giorra, agus leathnú ar ár seirbhísí a bheith mar thoradh air seo. Dá réir sin, ní mór dúinn a bheith solúbtha chun freagairt don athrú nuair is gá.

Cur i ngníomh na straitéise

Leagtar amach inár straitéis spriocanna soiléire, gníomhartha gaolmhara agus príomhtháscairí feidhmíochta. Déanfar monatóireacht ar an dul chun cinn ina leith seo trí thuarascálacha ráithiúla agus bliantúla chuig Bord BTS agus chuig an Roinn Sláinte. 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár ngrúpa fairsing páirtithe leasmhara as a gcuid ama agus a dtiomantais i gcabhair a thabhairt chun an straitéis seo a fhorbairt. Glacadh le go leor dá gcuid moltaí. 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mBord freisin as a léargais agus a threoir shaineolach, agus le foireann BTS, atá thar a bheith eolach agus oilte, as a gcuid oibre ar an bhfís straitéiseach seo a fhorbairt. Cinnteoimid go leanfaimid orainn ag forbairt ár gcuid tallainne agus saineolais chun freastal ar riachtanais na straitéise nua seo.

Táimid ag tnúth le straitéis nua chúig bliana a chur i bhfeidhm a mbeidh tionchar suntasach aici, agus a dhíreoidh ar thaighde sláinte den scoth, ar chuimsitheacht, agus ar fhianaise iontaofa i gcomhpháirtíocht le hothair agus leis an bpobal, arna soláthar ar bhealach eiticiúil agus dea-rialaithe, agus a chuirfear i bhfeidhm chun tionchar sláinte agus socheacnamaíoch a bhaint amach.

An Dr Tracy Cunningham
Cathaoirleach, Bord Taighde Sláinte

Scroll to Top

Cuspóirí: