Táimid tiomanta tionchar dearfach a imirt ar shláinte daoine trí thaighde agus trí fhianaise ar mhaithe leis an leas poiblí.
Ionchuimsitheacht agus meas
Oibrímid i gcomhar lena chinntiú go gcloistear tuairimí gach duine agus go dtugtar meas orthu.
Oibrímid chun cothromas sláinte a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sláinte, lena n-áirítear stádas socheacnamaíoch, aois, inscne, stádas imirce agus míchumas.
Glacaimid ról ceannaireachta chun cúram sláinte agus sóisialta a chur chun cinn trí thaighde.
Táimid eiticiúil agus trédhearcach inár gcuid oibre chun muinín an phobail a dhaingniú.
Nuálaíocht agus solúbthacht
Glacaimid le dúshláin agus le deiseanna nua agus freagraímid go héifeachtach ar athrú.
Cothaímid cultúr ina mbíonn daoine díograiseach agus ina mbíonn siad mórtasach as a gcuid oibre.
Cuirimid cleachtais inbhuanaithe chun cinn go gníomhach chun ár dtionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú.