Gníomhú le tiomantas
Agus muid ag féachaint chuig na cúig bliana atá romhainn, dearbhaíonn BTS arís a thiomantas taighde eiticiúil, cothrom agus den chéad scoth a sholáthar a neartaíonn cúram sláinte agus sóisialta agus a fhreastalaíonn ar leas an phobail ar fud oileán na hÉireann, an Aontais Eorpaigh agus go hidirnáisiúnta.
Beidh ár gcuid oibre bunaithe i gcónaí ar luachanna iontaofachta, ionchuimsitheachta, freagrachta agus trédhearcachta, agus léireoimid ceannaireacht agus glacfaimid le nuálaíocht chun a chinntiú go mbeidh tionchar dearfach ag ár ngníomhaíochtaí ar shláinte daoine.
Cuirfimid dea-chleachtas i bhfeidhm i rialachas corparáideach agus bainistíocht fhreagrach ar infheistíocht phoiblí. Cuirfimid cleachtais inbhuanaithe chun cinn ar fud ár n-oibríochtaí freisin chun tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú.
Beidh cur i bhfeidhm na straitéise seo – agus ár ngníomhaíochtaí uile – faoi réir monatóireachta, meastóireachta agus tuairiscithe. Déanfar athbhreithniú lárthréimhse ar an straitéis chun a chinntiú go ndéanaimid oiriúnú do chúinsí atá ag athrú.
Fanfaidh an ionchuimsitheacht ina cuid dhílis dár gcuspóir. Oibreoimid chun éagothromaíochtaí sláinte a laghdú atá nasctha le stádas socheacnamaíoch, inscne, aois, stádas imirce, míchumas agus tosca eile. Agus neartóimid rannpháirtíocht an phobail agus othar ionas go léireoidh an taighde taithí saoil agus go mbeidh tionchar fíorshaoil aige.
Ag tógáil ar an dul chun cinn suntasach go dtí seo, cuirfimid rialachas taighde chun cinn a thuilleadh, agus na caighdeáin is airde cosanta sonraí á gcoinneáil againn, le dea-chleachtas eiticiúil mar bhonn faoi ár ngníomhaíochtaí uile.
Tá an comhoibriú i gcroílár na straitéise seo. Oibreoimid i ndlúthchomhar le cleachtóirí cúraim sláinte agus sóisialta, lucht déanta beartas, othair, cúramóirí, pobail agus an tsochaí shibhialta ionas go bhfreagróidh an taighde do riachtanais na seirbhíse tosaigh agus go gcuirfidh sé le cinnteoireacht níos fearr.
Leathnóimid comhpháirtíochtaí ar fud oileán na hÉireann, doimhneoimid rannpháirtíocht le struchtúir agus cláir mhaoinithe an Aontais Eorpaigh, agus neartóimid comhoibriú idirnáisiúnta ionas go mbainfidh Éire tairbhe as dul chun cinn eolaíoch domhanda agus go gcuirfidh sí leis ag an am céanna.
I ndomhan atá ag athrú ar luas lasrach, geallaimid solúbthacht, nuálaíocht agus ullmhacht – trí chumas fianaise fíor-ama a fhorbairt, córais sonraí nua-aimseartha a thógáil agus lucht saothair taighde athléimneach a chumasú atá in ann freagairt do dhúshláin atá ag teacht chun cinn.
Ag obair le chéile chun cuspóirí Straitéis BTS 2026–2030 a bhaint amach, cuirfimid beocht sa taighde.