Cumasóirí corparáideacha
Tá sármhaitheas eagraíochtúil agus oibríochtúil, lena n-áirítear i rialachas, i gcumarsáid, in acmhainní daonna (AD), i mbainistíocht airgeadais agus i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), ríthábhachtach chun ár straitéis a chur i bhfeidhm agus a chur i gcrích.
Sna cúig bliana amach romhainn, cuirfimid na gníomhartha eagraíochtúla seo a leanas i bhfeidhm chun ár ngníomhaíochtaí agus ár seirbhísí a chlaochlú, a athrú, a choinneáil ar bun agus a fheabhsú go leanúnach.
Déanfaimid cumarsáid a dhéanfaidh tionchar, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Trí aird a tharraingt ar obair BTS, ar a thionchar, ar a chumhacht agus ar a uathúlacht
Ár seasamh mar fhoinse inchreidte taighde sláinte, sonraí agus fianaise a choinneáil ar bun
Bhonneagar cumarsáide a fheabhsú chun tacú le teachtaireachtaí
Bhaill foirne a chumasú chun cumarsáid a dhéanamh le tionchar.
Cruthóimid cultúr eagraíochtúil dearfach agus cinnteoimid go mbeidh na scileanna agus na deiseanna forbartha ag daoine chun freastal ar riachtanais an ghnó, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Phróiseas éifeachtach agus réamhghníomhach earcaíochta, roghnúcháin, coinneála agus pleanála lucht saothair a chur i bhfeidhm, ag leabú cultúr comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta, agus ag tacú le hiompar gairmiúil i ngach gné d’obair BTS
Chlár foghlama agus forbartha a chur i bhfeidhm chun cumas agus feidhmíocht ár bhfoirne a uasmhéadú
Chreat láidir sláinte agus folláine a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm
Thionscnaimh i leith saoráidí agus inbhuanaitheachta comhshaoil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le rialacháin agus le riachtanais an ghnó.
Cinnteoimid go mbeidh faisnéis airgeadais thráthúil agus chruinn ar fáil chun luach ar airgead a bhaint amach agus cinnteoireacht a bharrfheabhsú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Fhaisnéis airgeadais chruinn agus thráthúil a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar
Thacú le soláthar agus bainistiú conarthaí atá éifeachtach agus inbhuanaithe
Ioncam agus caiteachas deontais agus neamh-dheontais a bhainistiú chun comhlíonadh reachtaíochta, rialachán agus treoirlínte a chinntiú
Oibriú le maoinitheoirí eile agus le faighteoirí maoinithe chun maoirseacht láidir a chinntiú agus chun an timpeallacht rialaithe airgeadais a fheabhsú go leanúnach.
Cinnteoimid TFC nuálach agus cibearshlán, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Sheirbhís TFC fhreagrúil a sholáthar
Chleachtais agus réitigh cibearshlándála ceannródaíocha a chur i bhfeidhm agus a chothabháil
Úsáid straitéiseach a bhaint as ríomhaireacht néalbhunaithe
Bhonneagar TF den scoth agus próisis bhainistíochta sonraí ar ardleibhéal saineolais a fhorbairt agus a choinneáil ar bun
Trí réitigh IS a chur i bhfeidhm chun próisis a bharrfheabhsú, cinnteoireacht a fheabhsú agus nuálaíocht a spreagadh
Nuálaíochtaí teicneolaíochta a thabhairt isteach a thacaíonn leis an eagraíocht.
Coinneoimid struchtúir agus próisis láidre rialachais ar bun, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Chloí leis an gCód Cleachtais um Rialáil na mBord Stáit agus leis an reachtaíocht ábhartha ar fad
Trí phróisis fhreagrúla agus éifeachtacha a leabú do rialachas sonraí, lena n-áirítear ceanglais faoi chosaint sonraí, saoirse faisnéise agus ceisteanna parlaiminte
Chreat éifeachtach bainistíochta riosca, creat bainistíochta IS agus clár iniúchta inmheánaigh a chur chun feidhme
Thacú le forbairt, rianú agus tuairisciú ar fheidhmíocht eagraíochtúil.